Published on January 15, 2008
Author: gaeltalk
Source: slideshare.net
Aistrithe ag www.freastal.com www.gaeltalk.net
Oíche Nollag mhín réidh, is ar fud an áiléir Gan banbha ag buarach, gan éinín sa spear; Na stocaí ag crochadh cois teallaigh le snas, Ag feitheamh go foighneach ar Shan Nioclás; Na leanaí go cluthar sa leaba ina luí, Le hiontas na n-ionatas ag rince ina gcinn; Mam ina bréidín, is mise le mo chaidhp, Néal codlata an Geimhridh ag titim mar bhrat, www.gaeltalk.net
Oíche Nollag mhín réidh, is ar fud an áiléir
Gan banbha ag buarach, gan éinín sa spear;
Na stocaí ag crochadh cois teallaigh le snas,
Ag feitheamh go foighneach ar Shan Nioclás;
Na leanaí go cluthar sa leaba ina luí,
Le hiontas na n-ionatas ag rince ina gcinn;
Mam ina bréidín, is mise le mo chaidhp,
Néal codlata an Geimhridh ag titim mar bhrat,
Le clagarnach chlamprach amuigh ar an bhféar, Do léimeas ón leaba faoin torann go léir. Amach chuig an bhfuinneog mar lasrach teasaí, Ag oscailt cuirtíní le bualadh mo chroí. Solas na gealaí ar sneachta na hoíche, Mar loinnir gheal ghléine ar an dúiche seo choíche, Ba mhealltach an radharc é romham amach, Carr sleamhnáin bídeach, is ocht réinfhia stalcach, www.gaeltalk.net
Le clagarnach chlamprach amuigh ar an bhféar,
Do léimeas ón leaba faoin torann go léir.
Amach chuig an bhfuinneog mar lasrach teasaí,
Ag oscailt cuirtíní le bualadh mo chroí.
Solas na gealaí ar sneachta na hoíche,
Mar loinnir gheal ghléine ar an dúiche seo choíche,
Ba mhealltach an radharc é romham amach,
Carr sleamhnáin bídeach, is ocht réinfhia stalcach,
Le tiománaí seanchaite, chomh biorbach briosc, Cérbh é an fear úd sin ach San Nioclás, Níos tapúla ná iolair ag teacht chugam an treo, Ag feadaíl, is ag béiceach, is á dtreorú trí cheo; " ‘Nois, Dasher! ‘nois, Dancer! ‘nois, Prancer gus Vixen! Tar, Comet! tar Cupid! tar, Donner gus Blitzen! Chuig barra an phóirse! chuig bharra an chlaí! Anois imigí! imigí! fán na gealaí!" www.gaeltalk.net
Le tiománaí seanchaite, chomh biorbach briosc,
Cérbh é an fear úd sin ach San Nioclás,
Níos tapúla ná iolair ag teacht chugam an treo,
Ag feadaíl, is ag béiceach, is á dtreorú trí cheo;
" ‘Nois, Dasher! ‘nois, Dancer! ‘nois, Prancer gus Vixen!
Tar, Comet! tar Cupid! tar, Donner gus Blitzen!
Chuig barra an phóirse! chuig bharra an chlaí!
Anois imigí! imigí! fán na gealaí!"
Mar dhuilleoga ag eitilt le fuinneamh na gaoithe, Suas chun na bhflaitheas ina mhaireann na ríthe, Go barra an tí d’eitilíodar go pras, Le hualach bréagáin agus San Nioclás. I bpreabadh na súl, ar an díon os mo chionn, Bhí fothram pramsach is léimneach na gcrúb. Ag casadh mórthimpeall, le gliondar im’ chroí, Chonaic San Nioclás ar an talamh ina shuí. www.gaeltalk.net
Mar dhuilleoga ag eitilt le fuinneamh na gaoithe,
Suas chun na bhflaitheas ina mhaireann na ríthe,
Go barra an tí d’eitilíodar go pras,
Le hualach bréagáin agus San Nioclás.
I bpreabadh na súl, ar an díon os mo chionn,
Bhí fothram pramsach is léimneach na gcrúb.
Ag casadh mórthimpeall, le gliondar im’ chroí,
Chonaic San Nioclás ar an talamh ina shuí.
Bhí sé gléasta i bhfionnadh, óna cheann chuig a chos, Is ó luaithreach an ghuail a chuid éadaigh salach; Beart mór bréagán bhí aige caite thar drom, Mar spailpín beag fánach gioblach lom. A shúile – chomh ceolmhar! A mheanga chomh binn! A leicne mar rósaí, a shrón mar silín! A bhéilín beag bídeach mar bhoghuirlis bhig, Chomh bán leis an sneachta an féasóg ar a smig; www.gaeltalk.net
Bhí sé gléasta i bhfionnadh, óna cheann chuig a chos,
Is ó luaithreach an ghuail a chuid éadaigh salach;
Beart mór bréagán bhí aige caite thar drom,
Mar spailpín beag fánach gioblach lom.
A shúile – chomh ceolmhar! A mheanga chomh binn!
A leicne mar rósaí, a shrón mar silín!
A bhéilín beag bídeach mar bhoghuirlis bhig,
Chomh bán leis an sneachta an féasóg ar a smig;
An stumpa de phíopa idir fhiacla go dlúth, Le deatach thar a cheann mar choróin a chlú; Ba leathan a aghaidh gus ba chomhchruinn a bholg, Mar ghlóthach ag crith le gáire na Nollag. Bhí sé plucach is ramhar, an sean-síofra meidhreach, Soilbhir, suaimhneach ach cuma saghas taibhseach; Le caochadh na súl agus casadh a cheann, Thug an fear deas macánta sonas don domhan; www.gaeltalk.net
An stumpa de phíopa idir fhiacla go dlúth,
Le deatach thar a cheann mar choróin a chlú;
Ba leathan a aghaidh gus ba chomhchruinn a bholg,
Mar ghlóthach ag crith le gáire na Nollag.
Bhí sé plucach is ramhar, an sean-síofra meidhreach,
Soilbhir, suaimhneach ach cuma saghas taibhseach;
Le caochadh na súl agus casadh a cheann,
Thug an fear deas macánta sonas don domhan;
Chuaigh chun na hoibre le ciúnas a bhéil, Ag líonadh na stocaí le hábhar an tsaoil, Ar thaobh a shrón do leag sé a mhéar, Suas leis an simléar, suas chun an spéir; Shuigh sé sa chairt, is ghlaoigh ar a shlua, Is d’imíodar leo gan deacracht ná dua. Ach do chuala é á rá, is é ag imeacht na slí, "Nollaig Shona do chách, anois téigí i bhúr luí." www.gaeltalk.net
Chuaigh chun na hoibre le ciúnas a bhéil,
Ag líonadh na stocaí le hábhar an tsaoil,
Ar thaobh a shrón do leag sé a mhéar,
Suas leis an simléar, suas chun an spéir;
Shuigh sé sa chairt, is ghlaoigh ar a shlua,
Is d’imíodar leo gan deacracht ná dua.
Ach do chuala é á rá, is é ag imeacht na slí,
"Nollaig Shona do chách, anois téigí i bhúr luí."
Twas the Night Before Christmas / Oíche Roimh an Nollag Branar Téatar do Pháistí PLEASE NOTE: This is a rehearsal preview. Unfortunately the ...
Read more
Provided to YouTube by Universal Music Group Oiche Nollag (Christmas Eve) ... Twas the Night Before Christmas / Oíche Roimh an Nollag ...
Read more
twas the night before. christmas/ oíche roimh an nollag . ... unwrap the magic of children’s theatre this christmas ... twas the night before christmas, ...
Read more
TWAS THE NIGHT BEFORE CHRISTMAS, BRANAR ... It was a recent pleasure seeing ‘T’was the Night Before Christmas/ Oíche Roimh an Nollag’ by the ...
Read more
The night before Christmas Twas the night before Christmas, I had finished my list. It only took the time Of a quick little twist. I would have stayed up ...
Read more
Home > Our Pics. Our Pics. Clan Lir ... twas the night before christmas /oíche roimh an Nollag twas the night before christmas ... twas the night before ...
Read more
... atá an léiriú Nollag le ‘Branar’, ... insíonn Twas the Night Before Christmas/Oíche Roimh Nollaig scéal draíochtúil faoi theacht an ...
Read more
Add a comment